đŸŽ”
Mna Na H-Eireann by Nolwenn Leroy album cover

Mna Na H-Eireann

by Nolwenn Leroy

Lyrics
TĂĄ bean in Éirinn a phronnfadh sĂ©ad domh is mo shĂĄith le n-Ăłl
Is tĂĄ bean in Éirinn is ba bhinne lĂ©ithe mo rĂĄfla ceoil
NĂĄ seinm thĂ©ad; atĂĄ bean in Éirinn is nĂ­orbh fhearr lĂ©i beo
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thårr faoi fhód

TĂĄ bean in Éirinn a bheadh ag Ă©ad liom mur' bhfaighfinn ach pĂłg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scĂ©ala, is mo dhĂĄimh fĂ©in leo;
Tå bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tĂĄ cailĂ­n spĂ©iriĂșil ag fear gan BhĂ©arla, dubhghrĂĄnna crĂłin.

Tå bean a déarfadh då siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór,
Is tå bean 'na léine is is fearr a méin nå na tåinte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clĂĄr ThĂ­r Eoghain,
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól